web
Non ten conexión. Esta é unha versión só de lectura da páxina.
close

Téarmaí agus Coinníollacha Úsáide

Tá an Tairseach seo um Iarratais ar Dheontas á hóstáil agus á rialú ag Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann.

Trí chlárú chun an tairseach a úsáid, measfar gur thug tú toiliú le bheith i do theagmhálaí de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Soláthraítear an tseirbhís seo i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Is féidir faisnéis faoi bheartais RGCS na Roinne a fháil ar ár suíomh Gréasáin - https://dfa.ie/ie/beartas-priobhaideachta/.

Forchoimeádann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an ceart chun na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an tairseach a úsáid a leasú tráth ar bith.

Sula n-iarrfaidh tú cuntas logála isteach ar an gcóras seo, ní mór duit a chinntiú gur thug d’eagraíocht údarás dóthanach duit chun iarratas ar chistiú deontais a chur isteach thar a ceann. Níl an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála faoi dhliteanas i leith aon chostas a bhaineann le d’iarratas a chur isteach, agus ní ghabhann le cur isteach an iarratais aon ráthaíocht go n-éireoidh le d’iarratas.

Trí iarraidh a chur isteach chun clárú ar an tairseach seo, measfar gur ghlac úsáideoirí leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo.